Tionscnamh BTEI Filleadh ar an Oideachas

  Tionscnamh BTEI Filleadh ar an Oideachas - áiteanna
 

Critéir Incháilitheachta

Tábla a hAon: Catagóirí Maoinithe Mic Léinn faoi Chláir Pháirtaimseartha BTEI

Foinse: An Roinn Oideachais agus Eolaíochta:  

   
 

Catagóir

 

Incháilitheacht an Rannpháirtí

 

Teidlíochtaí an Rannpháirtí

 

Cat 2a

 

Daoine atá i dteideal, nó cleithiúnaithe ar dhaoine atá i dteideal
- cárta leighis;
- íocaíocht dífhostaíochta;
- íocaíocht leasa shóisialaigh de réir tástála acmhainne;
- Foríocaíocht ar Ioncam Teaghlaigh
agus iad siúd nach bhfuil ach an teastas sóisearach déanta acu (1)
Daoine atá i dteideal páirt a ghlacadh i gcúrsaí lánaimseartha faoi choimirce VTOS, Ógtheagmháil nó Cláir Oiliúna don Lucht Siúil agus iad siúd nach bhfuil ach an teastas sóisearach déanta acu

 

Saortheagasc

Tá íocaíocht leantach leasa shóisialaigh faoi réir choinníollacha na Roinne Gnóthaí Sóisialacha, Pobail agus Teaghlaigh.

Ní íocfar liúntais oiliúna san earnáil oideachais. Eisceacht iad daoine atá incháilithe le haghaidh clár de chuid Ógtheagmháil nó clár don Lucht Siúil, agus go mb'fhéidir nach bhfuil teidlíocht fholuiteach leasa shóisialaigh acu. D'fhéadfaí liúntas oiliúna pro-rata a íoc leosan, arna mhaoiniú ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta.

 

Cat 2b

 

Daoine atá i dteideal, nó cleithiúnaithe ar dhaoine atá i dteideal:
- cárta leighis;
- íocaíocht dífhostaíochta;
- íocaíocht leasa shóisialaigh de réir tástála acmhainne;
- Foríocaíocht ar Ioncam Teaghlaigh
agus iad siúd a bhfuil an Ardteistiméireacht déanta acu

Daoine atá incháilithe le páirt a ghlacadh i gcúrsaí lánaimseartha faoi choimirce VTOS, Ógtheagmháil nó Cláir Oiliúna don Lucht Taistil (2) agus a chríochnaigh an Ardteist

 

Saortheagasc

Tá íocaíocht leantach leasa shóisialaigh faoi réir chomhlíonadh choinníollacha na Roinne Gnóthaí Sóisialacha, Pobail agus Teaghlaigh.

Ní íocfar liúntais oiliúna san earnáil oideachais. Is eisceacht iad daoine atá incháilithe le haghaidh clár de chuid Ógtheagmháil nó clár don Lucht Siúil, agus go mb'fhéidir nach bhfuil teidlíocht fholuiteach leasa shóisialaigh acu. D'fhéadfaí liúntas oiliúna pro-rata a íoc leosan, arna mhaoiniú ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta.

 
Cat 3  

Daoine nach bhfuil i gCatagóir 2a nach bhfuil tuarastal acu agus nach bhfuil an Ardteistiméireacht déanta acu e.g. daoine nach cuid den lucht saothair iad

 

Laghdú 30% ar na táillí teagaisc

Ní íocfar liúntais oiliúna

 

Cat 4

 

Daoine Eile

 

Gearrfar táillí
Ní íocfar liúntais oiliúna

 
   
 

(1) Oideachas ag an Dara Leibhéal Uachtair: má tá Cúig cinn de ghrád D bainte amach ag an duine san Ardteistiméireacht nó ina macasamhail de scrúdú. Is iad na leibhéil oideachais a luaitear thuas na leibhéil a theastaíonn ó dhuine ar thosú an chláir dó, ach ní gá ábhar an chláir a mhúnlú orthu, e.g. tá an clár oscailte dóibh siúd a bhfuil bunleibhéil oideachais acu le gur féidir leo dul ar aghaidh agus modúil de chuid Leibhéal 5, FETAC, a bhaint amach, ar choinníoll go bhfuil ábhar agus leibhéal an chláir feiliúnach dá gcuid riachtanas.

(2) Incháilithe d'Ógtheagmháil: daoine óga atá idir 15-20 bliain d'aois a d'fhág an scoil go luath ina saol agus mioncháilíochtaí acu nó gan aon cháilíochtaí acu in aon chor e.g. níos lú ná cúig cinn de ghrád D sa Teastas Sóisearach nó a macasamhail. Incháilitheacht an Lucht Siúil: mar a chéile le hÓgtheagmháil ach amháin nach bhfuil aon teorainn le haois na rannpháirtithe. Incháilithe le haghaidh VTOS: daoine fásta atá bliain is fiche nó níos sine agus atá dífhostaithe le sé mhí ar a laghad. Is amhlaidh gur incháilithe, leis, iad céilí cleithiúnacha, tuismitheoirí aonair agus daoine a chaitheann íocaíochtaí míchumais ar leith a dhéanamh a chomhlíonann na critéir seo.

 

barr an leathanaigh