Léargas ar an tSeirbhís / Cláir agus Teastais a Thairgtear
Is seirbhís phobalbhunaithe faoi rún í Seirbhís Aighneachta Thuaisceart Chontae na Gaillimhe atá maoinithe ag FÃ?S i gcomhpháirtíocht le Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe agus cuireann sí tacaíocht ar fáil do dhaoine óga idir 16-21 bliain d'aois a bhfuil an córas oideachais tréigthe acu nó atá i mbaol é a thréigean, trí chur chuige MAGIC a úsáid - Meantóireacht, Aighneacht, Treoir, Eolas agus Comhairleoireacht.
Leagtar amach plean slí bheatha pearsanta do gach duine óg ina leagtar amach spriocanna réalaíocha d'fhonn dul ar aghaidh chuig oideachas, oiliúint nó fostaíocht agus an duine óg a bheith in ann maireachtáil go neamhspleách faoi dheireadh thiar.
Tugtar cúnamh le: Cuairteanna baile, Ullmhú CV, Teagmháil le gníomhaireachtaí fostaíochta/oiliúna, Éisteacht d'fhonn fadhbanna a réiteach agus an duine óg a atreorú chuig na daoine gairmiúla cuí.
Atreoraítear cliaint mar seo:
- Oifigeach Rianaithe
- Stiúrthóirí Ionaid Oiliúna Ógtheagmháil agus Lucht Siúil
- Príomhoidí Scoile
- Oibrithe Sóisialta
- Oifigigh Teagmhála don Óige (An Garda Síochána)
- De bhriathar béil
Bíonn an tOifigeach Aighneachta ag obair go dlúth leis na forais seo a leanas:
- Scoileanna Iar-Bhunoideachais
- Stiúrthóirí Ionaid Oiliúna Ógtheagmháil agus Lucht Siúil
- Príomhoidí Scoile
- Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe
- Seirbhísí Oideachais d'Aosaigh
- Seirbhísí Leasa Shóisialaigh
- Oibrithe Sóisialta
- An Garda Síochána
- Seirbhísí Promhaidh
- Pobal Ã?itiúil
Spriocghrúpa:
Daoine óga idir 16-21 a bhfuil an córas oideachais tréigthe acu.
Amanna:
Luan - Aoine Eagraítear amanna a fheileann do na cliaint.
barr an leathanaigh |