Eolas Fúinn

County Galway VEC offices in Athenry

“Something magical happens when you bring together a group of people from different disciplines with a common purpose�. - Mark Stefik. Palo Alto Research Centre Fellow.

 

Tuairisc ghairid

I bhfad sula raibh sé san fhaisean, bhí córas ann ar a dtugtar an córas gairmoideachais anois, chun foghlaim ar feadh an tsaoil agus ar gach réimse den saol a chur chun cinn. Bhunaigh an Roinn Talmhaíochta agus Oideachas Teicniúil a bunaíodh i 1899 na Coistí Ceardoideachais ar fud na tíre. Bhí an chéad chruinniú ag Coiste Ceardoideachais Chontae na Gaillimhe, faoi chathaoirleacht Easpag na Gaillimhe, An Dr Sár-Oirmh Mc Cormack, i 1901. An bhliain ina dhiaidh, thosaigh ranganna i Seantithe na mBocht i mBéal �tha na Sluaighe, An Gort, Gleann na Madadh, An Creagán agus Port Omna, chomh maith le háiteanna eile ar cíos i mBaile Locha Riach agus Tuaim. Múineadh Banachas Tí, Déantús Scuab, Déantús Eangach, Leabharcheangal, Gúnadóireacht, Gearrscríbhneoireacht, Clóscríbhneoireacht, Múnlóireacht, Snoíodóireacht Adhmaid, Siúinéireacht, Criadóireacht agus Caoladóireacht.

Cé go raibh ceannródaithe an Cheardoideachais réadúil agus aislingeach, sa lá atá inniu ann ní aontódh gach duine, go háirithe na mná, le tuairimí an Dr Mc Cormack. Ag bronnadh duaiseanna i nGaillimh i 1895, dúirt sé “ Ní bheadh aon dul chun cinn níos fearr sa saol dá mbeadh mná agus iníonacha fir oibre, i mbailte agus faoin tír, in ann gnáthbhia blasta a réiteach dá bhfir agus dá ndeartháireacha. Ní bheadh an fonn céanna orthu dul sna tithe tábhairne.� (Ar na fir, glacaim leis!)

Cuireadh brí agus meanma nua sa Cheardoideachas sa chontae go luath an aois seo caite nuair a achtaíodh Acht Oideachais Ghairme Beatha 1930. Bhí an chéad chruinniú ag Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe an 5 Samhain 1930, agus an Canónach Oirmh. Mc Alliney, S.P., An Spidéal, ina chathaoirleach. Bunaíodh ionaid Ghairmoideachais i mBéal �tha na Sluaighe, Port Omna, Baile Locha Riach, An Gort, Tuaim agus an Clochán. Úsáideadh Tithe na mBocht i nGort, An Creagán, Gleann na Madadh agus Béal �tha na Sluaighe. Mar gheall ar an Acht seo, ar a bhfuil ár gcóras reatha bunaithe, tugadh solúbthacht, inrochtaineacht, smacht daonlathach, nuálaíocht, cuntasacht agus sofhreagracht sna riachtanais áitiúla. Tá bun leis an méid seo sa Choiste le seachtó trí bliain anuas.
Fuair an earnáil ghairmoideachais réidh leis na bacainní agus bunaíodh cláir nuálacha oideachais. Dúirt Swift, “Vision is the art of seeing the invisible�. Bhí an fhís ag múinteoirí gairmoideachais rudaí a fheiceáil nach bhfaca aon duine eile nó nach raibh siad ag iarraidh a fheiceáil. Is léir go bhfuil borradh faoin nGairmoideachas i gContae na Gaillimhe nuair a fheictear go bhfuil méadú faoi deich tagtha ar líon na ndaoine cláraithe inár scoileanna príomhshrutha le seachtó bliain anuas.

Níor fheidhmigh scoileanna gairmoideachais riamh ó 9-4. Ón tús, bhí dúshlán romhainn printíseachtaí chomh maith le hoideachas aosach, cúrsaí áineasa, cúrsaí Gaeilge sa samhradh agus oideachas den dara seans a chur ar fáil i réimse leathan ábhar tráthnóna. Ghlacamar go luath le Gairmchlár na hArdteistiméireachta, an Ardteistiméireacht Fheidhmeach agus, le gairid, cláir Scoileanna an Teastais Shóisearaigh, atá ar fáil go forleathan anois i scoileanna traidisiúnta dara leibhéal. Ba í an earnáil ghairmoideachais is túisce a d'éiligh cláir Iar-Ardteistiméireachta. Tá súil againn go seasfaidh an méid sin leis na glúine de mhúinteoirí san earnáil ghairmoideachais le seachtó bliain anuas.

 

Sa lá atá inniu ann:

Sa lá atá inniu ann, cuireann an Coiste seirbhís leathan oideachais ar fáil ar fud an chontae, ag an dara leibhéal agus i líonra leathan Ionad Oideachais Aosaigh agus Pobail, scéimeanna Litearthachta, Oideachas Allamuigh, VTOS, Ógtheagmháil agus cláir oiliúna don Lucht Siúil. Tá dhá Ghairmscoil déag ag an gCoiste ina cheantar riaracháin. Tá sé cinn sa Ghaeltacht - trí cinn díobh seo ar oileán.

-------------------------------------------------------------------------------------------------------
“Seasfaidh an fhoghlaim go brách�. - Seanfhocal Síneach.
-------------------------------------------------------------------------------------------------------

Ceanncheathrú an Choiste, Baile �tha an Rí; cúlra gairid

   
Martin Gannon, Scoil Óstánaíochta Bhaile �tha an Rí le Corn Rowan, 1970
Martin Gannon, Scoil Óstánaíochta Bhaile �tha an Rí le Corn Rowan, 1970
An foirgneamh sular réitíodh é, 2003
An foirgneamh sular réitíodh é, 2003
   

1696: Na chéad úinéirí aitheanta ar thailte Choiléar Bán: Richard Whaley, Susanna Whaley & Robert Shaw. Bhí talamh sa cheantar chomh maith ag Thomas James Fetherstonhaugh. Bhí sé dháileacht sa talamh ar a bhfuil an foirgneamh suite anois agus 2,300 acra ann san iomlán.

Bhí úinéirí éagsúla ar an talamh ó am go ham agus i 1959 athchóiríodh an foirgneamh ar chostas £10,205 agus osclaíodh go hoifigiúil é mar Scoil Oiliúna Óstánaíochta. D'úsáid Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe é mar Scoil Oiliúna Óstánaíochta ó 1957 – go dtí gur dhún an Coláiste Teicniúil Réigiúnach (an GMIT anois) é i 1972.

I 1975, thóg an Roinn Talmhaíochta & Iascaigh an foirgneamh ar léas ar feadh seacht mbliana. Sna 1980idí, d'úsáid Scoil Gairmoideachais Bhaile �tha an Rí an foirgneamh mar scoil réamh-altranais. Reáchtáladh cúrsaí Iar-Ardteistiméireachta san fhoirgneamh sna 1990idí.

D'aistrigh Oifigí Riaracháin an Choiste ó Chathair na Gaillimhe, an 1 Nollaig 2004, go Baile �tha an Rí. Beannaíodh na hOifigí agus osclaíodh go hoifigiúil iad an 22 Meitheamh 2005.

 

barr an leathanaigh