|
Cúrsa:
Scileanna Teicneolaíocht Faisnéise/Ríomhaireachta
Sa chúrsa seo, cuirtear fáilte roimh dhaoine nach bhfuil páirt glactha san oideachas acu le blianta fada agus ar mhian leo scileanna nua a fhoghlaim anois, agus bualadh le daoine nua i dtimpeallacht chairdiúil réchúiseach.
Ã?bhair an Chúrsa:
- Próiseáil Focal
- Leabharchoimeád
- Cuntais Ríomhairithe
- Nósanna imeachta Oifige
- Modhanna Scarbhileoige
- Próiseáil Focal
- Cumarsáid
- Feidhmchláir Ríomhaireachta
- Iontráil Sonraí
- Scileanna Teicneolaíochta Faisnéise
- Idirlíon / Ríomhphost
- Bunachar Sonraí
- Taithí Oibre
Fad: Bliain amháin
- Maireann na cúrsaí bliain (ó Mheán Fómhair go Bealtaine) agus tá siad ar fáil saor in aisce.
- D'fhéadfadh Deontais Iar-Ardteistiméireachta a bheith ar fáil. Teagmháil - Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe
Oiriúnach
- Dóibh siúd ar mian leo leanúint lena gcuid oideachais nó Filleadh ar an bhFoghlaim (Comhairle Contae)/ionad oibre tar éis méid áirithe blianta.
- Dóibh siúd ar mian leo oideachas tríú leibhéal a fháil trí Cháilíocht FETAC.
- Dóibh siúd ar mian leo scileanna nua a fhorbairt.
Deontais Chothaithe
D'fhéadfadh go mbeadh iarratasóirí na gcúrsaí Iar-Ardteistiméireachta incháilithe le deontais chothaithe a fháil, rud a bheas faoi réir na gnáth-thástála acmhainne. Le cur isteach ar dheontas cothaithe, déan teagmháil leis an gCoiste áitiúil Gairmoideachais seo agat. (Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe – 091-874260)
Teisteasú agus Measúnú
Ullmhaítear mic léinn do riachtanais mheasúnaithe agus teisteasaithe FETAC, Leibhéal a Cúig (An Roinn Oideachais agus Eolaíochta)
barr an leathanaigh |