| |
Stair Achomhair/Cúlra na Scoile
Bhí gairmscoil an Chreagáin ar cheann de na chéad gairmscoileanna tuaithe a osclaíodh sa tír seo. Sa bhliain 1932, osclaíodh gairmscoil chomhoideachais sa Chreagán i bhfoirgneamh a d'úsáidtí mar theach na mbocht. Coincheap nua ba ea an smaoineamh go múinfí buachaillí agus cailíní i gcuideachta a chéile i gCóras Oideachais na hÉireann. Níorbh ann don Ghairmoideachas in áiteanna buana timpeall na tíre roimh an mbliain 1930, ach is amhlaidh a reáchtáladh cúrsaí sa Chreagán in ábhair phraiticiúla mar adhmadóireacht agus gúnadóireachta, faoi choimirce Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe. Nuair a cuireadh teach na mbocht ar díol sa Chreagán i 1931, ghlac Coiste Gairmoideachais léas 99 bliain ar an bhfoirgneamh atá anois ann. Cuireadh caoi ar an bhfoirgneamh féin ansin le go bhféadfaí é a úsáid mar scoil.
Bhíodh ranganna lae agus oíche ar siúl sa ghairmscoil agus chaitheadh tromlach na ndaltaí bliain nó dhó ar scoil. I rith an gheimhridh, iad siúd a d'oibrigh ar fheirm, d'fhreastalaidís ar ranganna lae agus ar ranganna oíche ansin den chuid eile den bhliain. Tá tábhacht nach beag leis an scoil i gcónaí mar acmhainn oideachais sa cheantar, áit a gcuirtear oideachas ar fáil suas go leibhéal na hArteistiméireachta, agus bíonn réimse leathan ranganna ar siúl ó cheann ceann na bliana.
An Bord Bainistíochta
2004-2009
barr an leathanaigh
Pearsanra/Comhaltaí Foirne
| Príomhoide: |
Mattie Kilroy, Uasal |
R.Sc.l |
|
| Leas-Phríomhoide: |
Geraldine Healy, Uasal |
H.Ec.l |
|
| Múinteoirí: |
Gerard Naughton, Uasal |
B.A. H. Dip. |
|
| Sean Ó Maoláin, Uasal
|
B. Tech. (Oideachas) Ã?bhair agus Teicneolaíocht Innealtóireachta. Grad Dip. I.C.T. (Ed) |
|
| Catherine Kitt, Uasal |
B. Com. H. Dip. |
|
| Ann Brennan, Uasal |
B.A. H. Dip. |
|
| Oliver Noone, Uasal |
R.Sc.1 B.A. |
|
| Maura Mannion, Uasal |
B.A. H.Dip. |
|
| Kieran Lally, Uasal |
B. Tech. (Oid.) Ã?bhair agus Teicneolaíocht Innealtóireachta |
|
| Bread Barrett, Uasal |
B. Comm. H.Dip. |
|
| Iggy Clarke, Uasal |
B.A., H.Dip Treoirchomhairleoir |
|
| Ann Marie Fallon, Uasal |
B.A. H. Dip. |
|
| Carmel Coleman, Uasal |
B.A. H.Dip. (Acmhainn) |
|
| Bernie Moran, Uasal |
(Cúntóir Ranga) |
|
| Dermot Shaughnessy, Uasal |
Dioplóma Iarchéime san Oideachas (Teicneolaíocht Adhmaid ) B. Tech Ed. (Ã?bhair agus Teicneolaíocht Innealtóireachta) |
|
| Rúnaí na Scoile: |
Ann Daly Donnellan |
|
|
| Rúnaí: |
Josephine Raftery |
|
|
| Feighlithe: |
Willie Hughes |
|
|
| Glantóir Páirtaimseartha: |
Tom Keeley |
|
|
barr an leathanaigh
Ã?bhair a thairgtear
Teastas Sóisearach |
Ardteistiméireacht |
|
Gaeilge Eolaíocht Miotalóireacht Béarla Eacnamaíocht Bhaile Fraincis Tír Eolaíocht Adhmadóireacht Matamaitic Graific Theicniúil Ríomhairí Corpoideachas (C.S.P.E.) Staidéar Gnó Oideachas Reiligiúnach Oideachas Sibhialta, Sóisialta agus Polaitíochta Ealaín Ceol S.P.H.E. (Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte) |
Gaeilge Eolaíocht Talmhaíochta Innealtóireacht Béarla L.C.V.P. Staidéar Foirgníochta Fraincis Matamaitic Líníocht Theicniúil Gnó Ealaín Bitheolaíocht Fisic Ceimic Cuntasaíocht Ceol Eacnamaíocht Bhaile Tír Eolaíocht Reiligiún |
Líon na nDaltaí atá Rollaithe
Roghanna Iar-Ardteistiméireachta
Gliogáil anseo le haghaigh tuilleadh eolais faoi na cúrsaí PLC seo againn »
Éachtaí Spóirt
- Comhghairdeas le Shane Hogan (dalta) a d'imir leis an foireann na hÉireann i sraith peile na rialacha idirnáisiúnta, le foireann peile Choiste Gairmoideachais na Gaillimhe agus le foireann peile mionúir na Gaillimhe.
- Comhghairdeas leis an aon dalta dhéag a bhuaigh Craobh Chlub na hÉireann le foireann peile na Cealtraí.
- Comhghairdeas le Sara Noone a bhuaigh boinn Uile-Éireann le foireann Mionúir agus foireann Idirmheánach Camógaíochta na Gaillimhe.
- Bhuaigh an fhoireann Shinsir Peile Craobh Shinsir 'B' an Chontae.
- Bhí daltaí ón scoil i measc buaiteoirí a thug leo boinn Uile-Éireann camógaíochta agus boinn Chlub Gan Ainm.
- Bhí aon duine dhéag d'iar-dhaltaí dár gcuid ina mbuaiteoirí Uile-Éireann le Caltra sa bhliain 2004.
Ba iad foireann Peile na mBan buaiteoirí roinne don séasúr 2003/2004.
- Tá traidisiún Iomána agus Peile na scoile fós láidir ar gach leibhéal agus níorbh aon eisceacht í an scoilbhliain 2003/2004, tráth ar bhuaigh an scoil Craobh Shinsir 'B' an Chontae. Ba mhór an taitneamh a bhain na foirne eile as páirt a ghlacadh ann.
- Buíochas leo siúd a d'eagraigh an Seó Faisin agus an Chlaisic Gailf as an méid airgid a chruinnigh siad le maoiniú a thabhairt do na gníomhaíochtaí agus cluichí a bhíonn ar bun sa scoil.
barr an leathanaigh
Éachtaí Daltaí
- D'éirigh le triúr daltaí an E.C.D.L. a bhaint amach.
- Chríochnaigh 20 dalta Cúrsa an Phas Shábháilte.
- Bhuaigh triúr daltaí comórtas Talmhaíochta na nIar-bhunscoileanna, comórtas ar ghlac 3000 scoil páirt ann.
- Bhuaigh Foireann na scoile Craobh Oráidíochta Poiblí an M.H.A.
An Nuacht is Déanaí
- Foirgneamh Scoile - Teas: Rinneadh athchóiriú iomlán ar an gcóras téimh lárnaigh agus an t-insliú áiléir, rud ar éirigh go diail leis.
- Deontas Eolaíochta: Tá deontas �10,649 ceadaithe le haghaigh trealamh eolaíochta.
Beartais
- Cuirtear tús leis na ranganna ag 9.20am agus tagann siad chun deiridh ag 4.00pm
- Má theastaíonn ó thuismitheoirí go bhfágfadh dalta an scoil nó tailte na scoile le linn uaireanta scoile, ní mór dul i dteagmháil leis an múinteoir ranga nó leis an bPríomhoide trí ghlaoch air/uirthi, nóta a scríobh chuige/chuici nó bualadh isteach chuige/chuici go pearsanta.
- Ba cheart do dhaltaí ar mian leo dul abhaile don lón nóta óna dtuismitheoirí a bheith acu ag tús na scoilbliana, áit a bhfuil cead á thabhairt dóibh dul abhaile.
- Más rud é nach bhfuil dalta, ar chúis ar bith, in ann a c(h)uid obair bhaile a dhéanamh, ba cheart go mbeadh nóta mínithe aige/aici ó dhuine dá t(h)uismitheoirí.
- Ní mór an éide scoile a chaitheamh gach lá.
- Níl cead ag daltaí tailte na scoile a fhágáil ar aon chúis gan cead an mhúinteora atá i mbun maoirseachta a fháil ar dtús.
- Moltar do dhaltaí sinsearacha aire a thabhairt do dhaltaí níos óige agus iad a chosaint.
- Cion tromchúiseach is ea bulaíocht a dhéanamh ar dhalta eile agus ní chuirfear suas léi.
- Ní mór bruscar a chur i mbruscáin atá curtha ar fáil chuige sin.
- Ba cheart leabhair scoile a chlúdach go néata.
- Caithfear aire mhaith a thabhairt do leabhair ón Leabharlann agus iad a thabhairt ar ais chuig leabharlann na scoile.
- Táthar ag súil go nglacfaidh daltaí páirt i gcluichí agus a bheith gléasta mar is ceart ina gcomhair.
- Táthar ag súil go seasfaidh daltaí go heagair i scuaine agus iad i siopa na scoile.
- Ní cheadaítear na nithe seo a leanas sa scoil:
- Tippex
- Guma Coganta
- Fáinní cluas ar bhuachaillí
- Fóin phóca
barr an leathanaigh
Ráiteas misin
Ã?r gcuid daltaí a spreagadh lena mbarr maitheasa a bhaint amach i dtimpeallacht foghlama ina dtugtar aire dóibh, chun scileanna a thabhairt dóibh feidhmiú mar shaoránaigh éifeachtúla rathúla i sochaí atá ag athrú de shíor.
Beartas Iontrála
Cód Iompair/Cód Smachta
- Cion tromchúiseach is ea bulaíocht a dhéanamh ar dhalta eile agus ní chuirfear suas léi.
- Ní cheadaítear ruaille buaille, speachadh, daltaí eile a bhrú ná a bhualadh. Cuirfear tuismitheoirí ar an eolas láithreach bonn má leanann aon pháiste dá gcuid ar aghaidh i mbun na ngíomhaíochtaí sin.
- Mí-úsáid substaintí de chineál ar bith: is cion tromchúiseach é úsáid a bhaint as tobac, alcól nó drugaí agus ní chuirfear suas leis.
- Ní chuirfear suas le heascainí ná baisteachán.
- Níl cead ballaí ná crainn a dhreapadh i dtailte na scoile.
- Ní féidir an balla a dhreapadh le liathróid a fháil ach amháin má thugtar cead.
- Níl cead scríobh ar leabhair scoile ná ar throscán scoile.
Beartas Obair Bhaile
An Scoilbhliain:
2008-2009
| Cruinniú Foirne |
Dé Máirt, 26 Lúnasa 2008 |
| An Scoil ag oscailt |
Dé Céadaoin, 27 Lúnasa 2008 |
| Sos lár téarma |
Dé Luain 27 - Aoine 31 Deireadh Fómhair 2008 |
| Lá do Phleanáil Scoile (ní bheidh mic léinn ar scoil) |
Dé Luain, 8 Nollaig 2008 |
| Nollaig 2008 |
Dunfaidh an Scoil Dé Máirt, 23 Nollaig 2008, an lá deireanach den téarma scoile. Athosclóidh an Scoil Dé Céadaoin, 7 Eanair 2009 |
| Sos lár téarma |
Dé Luain, 16 - Aoine, 20 Feabhra 2009, araon san áireamh. |
| Lá le Pádraig |
Beidh an Scoil dúnta Dé Máirt, 17 Márta 2009 |
| An Cháisc 2009 |
Dúnfaidh scoileanna Dé hAoine, 3 Aibreán 2009, an lá deireanach den téarma scoile. Athosclóidh an scoil Dé Luain, 20 Aibreán 2009 |
| Lá Saoire Bainc mhí Bealtaine 2009 |
Beidh an Scoil dúnta Dé Luain, 4 Bealtaine 2009 |
| Sos an tsamhraidh |
Dúnfaidh an scoil Dé hAoine, 29 Bealtaine 2009 |
| Dáta tosaithe scrúduithe an Teastais Shóisearaigh agus na hArdteistiméireachta |
Dé Céadaoin, 3 Meitheamh 2009 |
barr an leathanaigh
Leabharliosta
Cur Síos ar an Éide Scoile
barr an leathanaigh |